Baint an Fhéir!

02Jul

Baint an Fhéir!

Tuigim anois an riméad a bhaineann leis an damhsa 'Baint an Fhéir', an fuinneamh, an luas, an chraic agus ar ndóigh an túirse nuair a thagann stád leis an gceol. Meafar deas é an damhsa don obair féinig. Ba í seo an chéad bhliain ós na naoi déag ochtóidí a thugamar faoin bhféar tirim a bhaint. Gan amhras fadó dhéintí an obair sin de láimh leis an bpíce féin amháin. Sa am sin, bhíodh orainn an féar a bhaint, é a thiontú de láimh, cheapfá is dócha nach obair ródhiain í sin, ach ba obair mhór í. Gan amhras bhí ceist na haimsire le tabhairt san áireamh, dá mbeadh an aimsir mhaith bheadh ort an féar a ghearradh, a thiontú, agus a bhailiú agus é a thabhairt isteach sa sheid agus é a phacáil isteach go dtí an díon féin! Bhraith an méid acraí a bhainfeá ar an méid laethanta tirime a mheas tú a bheadh agat agus an méad oibre a bheadh ar do chumas a chur isteach in aghaidh an lae! Minic go leor a ghearrtaí an féar agus go loitfeadh an bhaisteach é sula mbeifí réidh chun é a thabhairt isteach. Ach buíochas le Dia tá an sórt san sclábhaíocht imithe le fán anois, agus an deireadh seachtaine seo bhí an aimsir dochreidte, dearfá fiú go raibh  sé ar nós na samhraí a bhíodh againn inár n-óige, laethanta breátha geala, teas mór ann, leoithne bog ag séideadh, neamh ar thalamh!Thugamar faoin bhféar a bhaint as cúpla pháirc.  An bhfuil aon radharc níos áille ná na stucaí ina seasamh timpeall na páirce agus an ghrian ag lonrú anuas orthu? Gan amhras ní shábhálfaí faic gan chúnamh ós na gcomharsan, Fínín Ó Drisceoil a ghearr an féar agus chur ina línte breátha díreacha agus Muiris Ó Foghlú a chaith an lá leis an baler. Anois tá an féar istigh sa sheid réidh don aimsir chrua arís!

 

Book Accommodation Now!