Mil Mara ó Choirceoigín Chléire

31Jul

Mil Mara ó Choirceoigín Chléire

 Ní haon scéal nua é go bhfuil an nádúr faoi ionsaí ag ceimiceáin, neamhaird agus saint; ach i ndeireadh báire sinn féin, nó sliocht ár sleachta a bheadh thíos leis má leanann an saol ar aghaidh nós cuma liom! Tá an t-ádh linne ar Chléire go séideann aer úr, folláin  isteach chugainn ón Atlantach Fiáin. Tá barraíocht den flora agus fauna inár dtimpeall agus is dócha mar oileánaigh, ar oileán an-bheag,  go bhfuilimid  faoi smacht agus faoi dhraíocht ag an nádúr inár dtimpeall. Tagann na sluaite cuairteoirí ó chian is ó chóngar chun iontas a dhéanamh den suaimhneas, den áilleacht agus den fhiáintas atá anseo ar Oileán Chléire. Nílimse ná mo chomhoileánaigh dall ar an áilleacht nó ar an t-ádh atá orainn a bheith inár gcónaí anseo ach oiread! Agus cén bhaint atá aige sin le beacha a deir tú! bhuel roinnt blianta ó shin fuaireas tollán chun bláthanna agus glasraí a fhás agus de réir mar a d'fhás mo shuim sa gharraíodóireacht d'fhás feasacht ionam faoi ghéarchéim na mbeach. Tá sé rÁite lom amach ag Einstein agus Sir David Attenborough, má chliseann ar na beacha go gclisfidh ar an gcine daonna laistigh de cheithre bliana. Is uafásach an fhís í sin. Tá ceimiceáin agus Varroa Destructor ag bagairt ar na beacha. Sna naoi déag nochaidí tháinig Varroa Destructor chun na hEorpa ón Áis, is seadán é nach bhfuil ró-olc ina dhúthaigh féin, ach in aeráid a hEorpa tá sé tar éis coilíneachtaí na mbeach a scrios sa chaoi is nach bhfuil aon choilíneacht bheo gan inmhíolú, bíodh sí fiáin nó faoi churám bheachaire. Tá ag teip ar na cóireálacha is coitianta toisc go bhfuil an Varroa ag éirí frithsheasmhach. Anuas ar sin, tá grúpa de fheitidicídí ar a dtugtaí neoinicitíonóidigh  ag bagairt ar NA beacha. De réir na scéalta, cuireann na feidtidicídí seo isteach ar chumas na mbeach cuimhneamh ar an slí ar ais chuig an gcoirceog agus faigheann na creatúirí bas de thoradh sin.

Cé gur feithidín beag bídeach í an bheach ach tá sí ríthábhachtach don duine mar phailneoir, mar fhoinse meala agus mar fhoinse céarach.

Ní haon laoch timpeallachta mise, ach mar sin féin is féidir liom mo chuid a dhéanamh agus luíonn sé le ciall go mbeadh garraíodóir báúil le cás na mbeach. I móran cásanna bíonn an nós i gclanna éagsúla beacha a choimeád ach i mo chás féin d'fhás an t-suim ionam toisc mo shuim sa gharraíodóireacht agus toisc an spreagadh a fuair mé ó mo chomharsa. Tagann an bhean chun tí anois is arís agus an-mhinic bíonn comhrá againn faoina hathair a bhí ina bheachaire ráthuil i gCorcaigh. Nuair a bhí sí féin ina cailín óg bhíodh uirthi na frámaí a dhéanamh dó agus cabhrú leis nuair a bhíodh an mhil á bhaint. Dúras léi go rabhas féin chun cúrsa a dhéanamh agus traenáil a fháil i láimhseáil na mbeach agus dá mbeadh rath ar sin go dtosóinn beachlann bheag. Cúpla lá ina dhiaidh sin thug sí bronntanas álainn dom, píosa gleoite gloine, soitheach sainiúil don mhil a fuair sí féin na blianta roimhe sin.  Thug sí an dúshlán dom beart a dhéanamh!  Tá seans beag ann go mblaisfimid an mhil i mbliana ach déanta na fírinne nílim ag súil le mórán go dtí an bhliain seo chugainn. Is caitheamh aimsire an -suimiúil é agus mar a dúradh faoi Aristotle, bhí trí rud nár thuig sé riamh, tráth agus líonadh na taoide, intinn na mban agus saothar na mbeach, léiriú é sin ar an méid atá le foghlaim futhu agus is é sin an rud is mealltaí faoi na beacha ná go bhfuil rud éigin nua le foghlaim futhu chuile lá in ainneoin go bhfuil  beacha á bhainistiú le breis agus dhá mhíle bliain.

Ba í an mhil an t-aon rud milis dáiríre a bhí ar fáil do dhaoine roimh theacht an biatas siúcra nó roimh an siúcra cána. Is iomaí piseog a bhaineann leis na beacha agus tá tagairtí dóibh i mórán gach ceann de na creidimh is mó ar domhain. Tá caibidil iomlán sa Chórán tugtha do na beacha, déantar cur síos ann ar an saol maith a chaitheann siad toisc go bhfuil sprioc acu agus go dtugann siad faoi le fonn, fiú tá cur síos ann ar fhiseolaíocht na mbeach, rud nár thuig an Eoraip go dtí na 1940idí.  I Maracó nuair a saolaítear leanbh cuirtear blaiseadh beag de mhil ar bheola an linbh mar ghuí go mbeidh saol álainn ag an leanbh sin agus nach bhfulaingeodh sé binibeacht ina shaol. Ar ndóigh tá leigheas sa mhil, má bhíonn plúcadh nó fiabhras léana ar dhuine má thógann sé mil ón gceantar ina bhfuil sé déanfaidh an mhil sin maitheas dó. Chuala mé féin scéal faoi fhear sa dúthaigh seo a bhí cráite le hailse, bhí ar sé an dé deiridh agus cuireadh abhaile é chun bás a fháil lena mhuintir. Bhí ailse ar a bhéal agus sa am sin bhí an chóireál beagnach níos measa ná an galair féin. D'fhulaing sé an-chuid ach chreid a chlann sna sean piseoga a dúirt go raibh leigheas sa mhil. Gach lá tugadh mil agus uibheacha don creatúir le hithe agus diaidh ar ndiaidh tháinig biseach air. Roinnt míonna níos déanaí bhí Dochtúir an fhir ar an oileán ar cuairt agus d'iarr ar an bhfear béar cá raibh uaigh a othair, thosaigh an fear béar ag gáire agus dúirt leis go raibh an fear sa bhaile le hais na tine agus sláinte na mbreac air nó seans gur sláinte na mbeach is cirte a rá!

In sna naomhsheanchais luaití mioriúiltí leis na naoimh, nó bá ar leith acu le hainmhithe, ba amhlaidh an scéal a bhain le Naomh Ghobnait. De réir na scéalta, tháinig slua ag goid beithígh an Taoisigh, págánach a bhí ann, thuig sé nach bhfaigheadh sé an lámh in uachtar ar a naimhde agus ní raibh an dara rogha aige ach cabhair a lorg ón Naomh. Thoiligh sí cabhrú leis, labhair sí leis na beacha, tháinig siad amach as an gcoirceog agus thiontaigh siad ina shaighdúirí agus chuir siad an ruaig ar naimhde an Taoisigh agus ó sin i leith is í Naomh Ghobnait, Naomh na mbeachairí. Is iomaí piseog atá ann faoi labhairt leis na beacha. Deirtear go bhfuil beacha dílis don bheachaire ach go bhfuil ar an mbeachaire dílseacht a léiriú dóibh trí chomhrá a dhéanamh leo. Deirtear sa bhéaloideas go bhfuil dualgas ar an mbeachaire a rá leis na beacha má bhíonn bás, bainis nó breith sa tigh. Má bhíonn bás sa tigh is ceart píosa éadach dubh a chur ar an gcoirceog agus an scéal a insint dóibh nó imeoidh siad uait toisc gur chuir tú stuaic orthu.Cé go bhfuil an cháil ar na beacha go bhfuil siad fíochmhar, níl siad dáiríre má chaitheann tú leo go deas tuisceanach. 

Ní heol dom go fóill na mbeidh rath ar mo bheacha beaga dubha ( Apis mellifera mellifera) anseo ar Chléire ach ní haon chorrabhuais é a rá go nósfaidh an aimsir! 

Book Accommodation Now!