Subh Milis!

27Aug

Subh Milis!

Ag baint an Fhómhair!

 

An tráth seo den bhliain bíonn na  seacha trom le hualach na seoidíní de smeara dubha ag glioscarnach go mealltach faoin ngrian.

Cuireann siad laethanta m’óige i gcuimhne dom, ag filleadh abhaile ón mbunscoil. Bhíodh cúpla duine dínn ag siúl abhaile le chéile cuma cén sórt aimsir a bhí ann!

I Mí Méan Fhómhair bhímis ag fad ag piocadh na smeara dubha agus sinn ag tuirsiú suas an bóthar lenár málaí scoile. Bhíodh ár lámha dubh- chorcra le sú na smeara, beola daite le ‘lipstick’! Tuismitheoirí ar mire toisc na héadaí stroicthe ag na sceacha nó scroista ón sú agus an rud ba mheasa; ag ithe smeara gan iad a ní roimh ré! (ar ndóigh bhí ciall leis sin)

Agus fós nuair a chím iad piocaim iad.  Déanaim subh leo, ba thraidisiún láidir é sin sa cheantar seo agus bhíodh mo sheanmháthair á dhéanamh I gcónaí.

An seanoideas a bhíodh in úsáid aici ná  na smeara a ní go curamach agus aon chealg a bheadh ina measc nó aon cheann lofa nó mí-aibí a chaitheamh amach. Ansin braonín uisce a chur sa chorcán, agus siúcra agus smeara ar chomh-mheachan a chur isteach ann agus iad a chocaráil go dtí go mbeadh sé tiubh. Roimh dheireadh na cócaireachta caití cúpla chlóbh isteach ann. Ní raibh aon rud comh deas le slisín den arán donn, subh dubh na smeara anuas air agus cúpán tae!

Arú inné bhíos sa tollán ag féachaint ar an bhfás fiáin ann, tá sé geall leis an dúfar istigh ann anois go bhfuil an teas laghdaithe beagán agus gur féidir a bheith beagán níos flaithiúla leis an uisce!

Tá trátaí, mealbhóga agus fíon caora ag teacht chun aibíochta anois. Sa ghairdín tá na húlla réidh le piocadh. Is ceann de na pleisiúir is simplí agus is deise é na torthaí agus glasraí a thabhairt abhaile agus a fhios agat nach bhfuil aon rian de cheimiceán faighte acu agus go bhfuil siad úr agus níos blasta ná haon rud a cheannófá sa siopa. Caithfear a admháil gur cuid mhór den sásamh é gurb ionann gach tortha agus bua beag i gcoinne na gaoithe móire, na stoirmeacha agus an hairicíní  a bhuail sinn go laethúil  agus go fíochmhar I rith na bliana anuraidh. Ar ndóigh is leathscéal deas é ealú ón teach agus seal a chaitheamh ag siúl amuigh faoin aer úr agus an ghrian gheal sa tóir ar sheoda fiáine an fhómhair!

 

 

Book Accommodation Now!