Beannachtaí na Féile Pádraig!

17Mar

Beannachtaí na Féile Pádraig!

Beannachtaí na Féile Pádraig!

Péinteáilfear agus cuirfear glas ar na haon fhoirgneamh tábhachtach mórthimpeall an domhain inniu agus nach deas é? Go mór mhór dos na mílte imirceach i gcéin agus a gcairde siúd atá báúil le cultúr na tíre seo.  I mbliana toisc ná bhfuil an deis againn na tseamróg a bhá sa tábhairne nó páirt a ghlacadh sa ghnáthpharáid mar a dhéanaimis ó chianaibh ná bhféadfaimis an deis a ghlacadh planda nó dhó a chur sa ghairdín? D’fhéadfaí ceann nó dhó a chur I mbosca ar an bhfuinneog nó fiú planda deas a choiméad sa seomra suite nó in aon seomra ar bith sa teach/ionad oibre ina mbeadh spás ann chuige. Dá mhéad plandaí atá inár dtimpeall sé is fearr é. Deirtear go laghdaíonn garraíodóireacht strus, go méadaíonn sé dea-bhraistine agus ar aile. Má bhíonn plandaí glasa nó cinn a bhláthaíonn sa teach deirtear go  nglanann siad an t-aer agus  go méadaíonn siad atmaisféar suaimhneach. Ní teora leis na buntáistí a bhaineann leis an ngníomh simpli agus dá bhféadfaí síolta nó plandaí a cheannach ó ghnónna beaga áitiúla bheifí ag cur leis an eacnamaíocht áitiúil, ag laghdú  aermhílte agus bheadh dhá oiread an leas ann don sochaí is an timpeallacht in aon bhuille amháin! Ar ndóigh is fiú roinnt ama a chaiteamh ag roghnú  plándaí a sholatharódh dos na héiníní, na beacha ‘is na feithidí. Cuirfidh  na bláthanna is na plandaí gnáthóga, cothú agus fothain ar fáil a mhéadóidh an bhithéagsúlacht I do ghairdín nó ar do bhalcóin féin. Is iomaí planda a shásódh na crítéir sin agus le beagan dua d’fhéadfaí ana-mhaitheas a dhéanamh. Táimse féin ag fás roinnt mhaith blathanna anois sa tollán  ionas go mbeidh taispeántas deas sa ghairdín agus soláthar deas bláthanna gearrtha ann don bhórd agus chun cuidiú le bithéagsúlacht na háite. Thar tréimhse na bliana meallfaidh na bláthanna is na plandaí cuairteoirí cosúil le féileacáin, féileacáin oíche, Bóínte Dé, lásóga, Coinnleoirí Muire, Spideoga  Meantáin Ghorma agus neart eile nach iad. Is na bláthanna is fearr ná cinn simplí, is é sin le rá nach cinn dubailte nó róphóraithe iad. Cuirim féin lusanna gréine, (is aoibheann leis na héiníní na síolta agus is breá leis na beacha iad) Nicitiana, bíonn a gcumhrán san aer istoíche agus is breá leis an feileacháin oíche iad agus ar ndóigh Léadáin Úcaire meallann siad na beacha agus na héiníní. Fásaim níos mó ná sin ach léiríonn an sampla beag seo an líon cuairteoirí a mheallann fiú dhá nó trí phlanda.  Ceapaim go gcabhróidh an gníomh beag sin go mór leis an timpeallacht, lenár ndea-bhraistine féin agus bheadh sé ina oidhreacht dheas ar Lá ‘le Pádraig.

Book Accommodation Now!