Carraigín/Irish Moss

15Feb

Carraigín/Irish Moss

Tá an  físeán ar ár leathanach FB!

Arú inné tháinig cara ar chuairt chugam le mála de charraigín, nó chondrus crispus le ceart a thabhairt dó! Bhuel tar éis na hoibre inniú bheartaíos an mhilseog is Gaelaí dá bhfuil againn a dhéanamh, gan trácht in aon chor ar chomh sláintiúil is atá sí, má bhíonn droch scornach tinn, casacht nó broincíteas dod’chrá cuirfidh an mhilseog seo biseach ort go tapaidh!

Oideas: An Meascán Bunúsach

01 lán glaice de charraigín/handful of irish moss

Pionta go leith bainne /nó bainne na bplandaí más Véigan tú.(ná bac le bainne gan uachtar ann níl ansin ach uisce bán!) 750ml milk or plant based milk

3 spúnóg mhóra de shiúcra bán/3tsp sugar

Cuir an carraigín i mbabhla uisce  fuar ar feadh geall  le 15 nóim./Soak carraigín in waterfor15mins

Nigh amach arís é faoin sconna le cinntiú nach bhfuil an phúroga beaga i bhfostú ann./Rinse under running water.

Nuair atá tú sásta go bhfuil sé glan, cuir isteach I gcorcán é leis an mbainne./Place in pot with 1.5pt of milk.

Tabhair chun pointe beirithe é./Bring to boil.

Ansin ísligh an teas agus lig ar shuanbhruith é go dtí mbíonn sé tiubh./Simmer until it thickens.

Beidh a fhios agat go bhfuil sé ullamh má chlúdaíonn sé droim spúnóige ar nós custard./It is ready when it coats back of spoon.

Cuir an meascán trí chriathar agus brúigh amach an ‘glóthach’./Push through sieve.

Ansin measc isteach siúcra, cuir i mbabhla glan é, lig dó fuarú, nuair atá sé go hiomlán fuar cuir sa chuisneoir é thar oíche./Add in sugar,when cool place in fridge.

Ith suas é an lá dar gcionn le huachtar, giota beag miontas, agus anlann de thorthaí ar nós sméara dubha cócaráilte le siúcra agus do rogha braon! Nó biabhóg agus sinséir cócaráilte le chéile le beagán siúcra agus craiceann oráiste.

Roghanna eile:

Sula gcuireann tú an meascán isteach sa bhabhla deiridh cuir buíocán uibhe isteach ann, steall an meascán te  tríd an gcriathar agus anuas ar an mbuíochán agus measc é le greadóir láimhe.

Ansin measc isteach gealachán coipithe uibhe le spúnóg chun an t-aer a choimeád istigh. Beidh an mias níos saibhre agus níos éadtroime.

Sula gcuireann tú an meascán isteach sa bhabhla deiridh, cuir caramel ar bun, nuair a chasfaidh tú amach é beidh cuma agus blas an-deas ar an mhilseog

 Fad is a bhíonn an bainne agus an carraigín ar shuanbhruith cuir isteach craiceann líomóide, nó síolta fanaile  nó pé blasóir a thaitníonn leat féin!

Níl teora leis na roghanna!

 

Book Accommodation Now!