Feabhra na Féile Bríde

22Feb

Feabhra na Féile Bríde

Táimse mall arís leis an mblag ach más mall is mithid!! Tá an charraig bheag s'againne á chrá le stoirmeacha leanúnacha ó thús na míosa, bhí Ciara, Dennis agus n'fheadar cé eile ag déanamh scime dúinn bhí an ghaoth comh láidir sin gur chuir sí an Charraig Aonair ag rince- físeán iontach le Mary Cadogan le feiceáil ar SKY News!

Chuile lá geall leis bhíodh an ghaoth ag seideadh ina gála, tá an talamh báite agus an féar róstaithe le gaoth salainneach ach le cúnamh Dé  bogfaidh sí sar i bhfad. In ainneoin sin, tá na síolta beaga sa tollán ag péacadh amach anois agus má scairteann an ghriain in aon chor bíonn teas breá ann chun dlús a chur faoin bhfás. Cé go bhfuil roinnt de na síolta do ghairdín an tsamhraidh curtha tá roinnt mhaith eile fós le cur !

Ag deireadh na míosa seo chaite bhí cearc ghoir againn ach níl aon choileach againn a thuilleadh, fuaireamar uibheacha toircithe  ón bhfeirm béal dorais agus chuiremar fuithi iad agus ghlac sí leo, lá is fiche ina dhiaidh sin saolaíodh na sicíní beaga gleoite as sé ubh saolaíodh ceithre sicín. Tá'd ag fás ar nós an diabhal, heireaball orthu anois agus cléití beaga áille agus táid anois ag eitilt beagán, mioriúltíní beaga gleoite!!!

Mar is eol d'éinne a leannan mé  ar twitter nó instagram beidh a fhios agaibh gur chuireas romham 99km a shiúil agus airgead a bhailiú don Dogs Trust, bhuel áthas orm a rá gur bhailíomar thart ar 175 eur agus críochnaíomar na siúlóidí inné. Mé féin agus mo bheirt chompánach,na madraí Maxie agus Bonnie. Dearfainn go raibh airgead air nach mbainfinn an dúshlán amach! ,le bheith macánta faoi bhí orm an deannach a bhaint den fitbit agus bhí na glúine ag gearáin ag feadh tamaill! Bhaineas an -taitneamh as agus táimse an -bhuíoch do na daoine a sheol cúpla euro isteach chuig an Dogs Trust agus buíochas comh maith do na daoine a thug misneach dom an gnó a chur i gcrích!!

Tharla rud iontach greannmhar le déanaí, bhí mo dheirfiúr i Nua Eabhrach ar saoire agus d'oscail sí an irisleabhar a bhí sa seomra, 'Irish America' agus cad sa diabhal a bhí ann? ach scéal beag fúinne!! Is ait mac an tsaoil!!

Áthas orm a rá go bhfuil an obair athchóirithe taobh istigh den tigh críochnaithe don bhabta seo agus anois súil agam go mbainfidh ár gcustaiméirí taitneamh as na nuálaíochtaí agus na feabhsuithe.

Osclóimid an 5ú Márta agus idir seo agus sin táimid ag glacadh le hairithintí. Ní ghá ach an fhoirm a líonadh nó an fón a ardú !!!

Ádh Mór,

Tríona

 

 

 

 

Book Accommodation Now!