Blog

08Feb

Season 2023

A chairde, Is oth linne é seo ach mar gheall ar chuinsí pearsanta ní bheimid ar oscailt i mbliana, gan amhras má thagann aon athrú ar an scéal sin cuirfidh mé an t-eolas sin amach a luaithe in Éirinn agus is féidir é. Bainigí sult as na laethanta saoire agus le cúnamh Dé beimid ar ais arís in 2024. Le dea-mhéin, Tríona

.

08Feb

Season 2023

A chairde, Is oth linne é seo ach mar gheall ar chuinsí pearsanta ní bheimid ar oscailt i mbliana, gan amhras má thagann aon athrú ar an scéal sin cuirfidh mé an t-eolas sin amach a luaithe in Éirinn agus is féidir é. Bainigí sult as na laethanta saoire agus le cúnamh Dé beimid ar ais arís in 2024. Le dea-mhéin, Tríona

.

18Dec

Nollaig Shona Happy Christmas

Támid geall a bheith réidh anois don Nollaig. Anocht lasadh na soilse sí ar bhinn a tí, críoch agus deireadh anois leis an maisiúchán !!! Is deas na soilse a fheiscint ag lonrú ó bheagnach chuile theach ar an oileán agus tá an cuan maisithe go gleoite. Cuireann sé go mór le hatmaisféar na Nollag agus is ardú croí  dúinn go léir iad- go háirithe do na daoine atá ag filleadh abhaile ón mórthír chun an Nollaig a chaitheamh lena gclann.

27Oct

Slán go Fóillín!

A chairde, Míle buíochas libh ar fad as bhur dtacaíocht i rith na bliana. Bhaineamar an -taitneamh go deo as bhur gcomhluadar. Ach anois tá deireadh leis an séasúr. Beimid ar oscailt arís in 2023 agus cinnte beidh cúpla athrú chun feabhais ar an áit nuair a fhilleann sibh orainn arís!

We are at the end of our season on Monday. It seems like not that long ago we were welcoming our first guests! We will be open again in 2023 bookings will open online around Februrary 2023.

07Oct

Lá Náisiúnta na gCrann/ National Tree Day

Nach iontach go bhfuil a lá féin ag na crainn in Éirinn?(6ú Deireadh Fómhair) agus fiú seachtain na gcrann 20ú -26ú Marta 2023.  Tráth dá raibh bhí an tír seo clúdaithe le crainnte breátha an Dair, an Coll, an Fhuinseog, an Bheith, an Crann fia-úll agus an Cuileann ach anois malairt scéal é. Cé nach bhfuil lear mór dóibh in Éirinn anois tá daoine fud fad na tíre ag cur crann, mé féin ina measc. Le sé bliana annois tá paiste talún á chur agam le crainn. Chuile bhliain geall leis ceannímse timpeall ar 50 crann.  Whips a thugtar orthu. Bíonn siad ar fáil i Mí na Samhna nó Mí na Marbh!