Nollaig Shona!

16Dec

Nollaig Shona!

Nollaig Shona dhaoibh ar fad a chairde! Buíochas le Dia go bhfuilmid ag druidim le deireadh na bliana seo, bliain na paindéime. Is faoiseamh iontach é a bheith ag caint ar an Nollaig seachas an rud eile!. An tigh á ullmhú, liostaí siopadóireachta á chumadh, pleananna á réiteach agus sinn ag tnúth le filleadh ár mbaill clainne ón mórthír. Tá an t-oileán ag féachaint go hálainn. Tá soilse sí in airde ar fud na háite. Tá an cuan go hálainn, le soilse is crainn nollag. Fáilte álainn roimis na daoine ag tarraingt ar an mbaile do na laethanta saoire agus saoirse taistil i ndeireadh báire. 

Táimid ag druidim le deireadh 2020 agus ár dtreimshe san All Ireland Pollinator Plan. Ceann de na gníomhaíochtaí leanúnacha a bhí ar siúl againn le roinnt blianta ná an choill bheag nua. Tá an choill lán anois le crainn óga agus le cúnamh Dé rachaidh siad ó neart go neart anois. Is meascán bhreá de chrainn éagsúla atá ann. Thosnaíos amach le plean amháin chun roschoill a chrúthú ach de réir mar a d'fhás mo shuim sna crainn leathnaíos amach mo rogha! Anois tá 'quercus paulistris' agam, crainn iad seo atá lán abálta cur suas le talamh báite. Bíonn dáth álainn ar na duilleoga san fhómhair agus solathraíonn siad gnáthóg mhaith d'fheithidí éagsúla. Chuireas roinnt chrainn bheithe. Tá rogha leathan de chineálacha beithe ann agus roghnaíos cinn le coirt bháin a sheasfaidh amach i solas lag an gheimhridh. Tá Fionncholl Fionlannach agam. Crainn bheaga iad seo, ach bíonn smeara áille agus duilleoga daite orthu san fhómhair. Rinne mé iarracht crainn a roghnú a bheadh ag athrú tríd na seasúir ar fad.

Toisc go bhfuilimid in áit an-ghaothfar níl an t-úafás crainn ar an oileán agus anuas sin is lú fós an líon crann dilshilteach, i mo thuairim pé ní é. Fiú mura mbeidh ann ach an corr lá go bhfeicfimid dathanna an fhómhair ar na duilleoga sara sciobfaidh an ghaoth iad,  nach fiú an tairbhe an trioblóid? Táim tar éis saileach a chur timpeall ar an  gcoill bheag. Fásfaidh an saileach go tapaidh, i bhfad Éire níos tapúla ná na crainn eile, súfaidh siad roinnt den uisce ón talamh báite agus solatharóidh siad fothain do na crainn óga agus gnáthóga d'éiníní agus d'fheithidi éagsúla. 

Táimse ag súil i gceann cúpla bliain go mbeidh an choill bheag  ina choill mar a dearfá! Táimse ag súil go mór le bláthanna deasa a chur i measc na gcrann agus bheinn ag súil go ndéanfaidh sé áit síochánta chun sos a ghlacadh. Nuair a bheidh na crainn mór go leor is dócha go mbeidh éininí beaga ag maireachtaint iontu. Is bealach éasca é chun chuidiú leis an timpeallacht; cúpla chrann a chur, má bhíonn an spás ann chuige. Cé nach súfaidh an choill- bheag an co2 go léir a úsáidaimid, feabhsófar agus saibhreofar an timpeallacht.

 

Thíos tá pictiúr dár madraí Max agus Bonnie. Faraor fuair Maxie bás den ailse. Chaith sé 12 déag linne sa teach agus ba scoth na madraí é, lán  de spraoi agus rogaireacht.

Joyful, joyful, joyful,

as only dogs know how to be happy

with only the autonomy

of their shameless spirit.(Neruda)#

 

Bhuel sin a bhfuil uaimse go ceann tamaillín eile. Tá súil agam go mbeidh Nollaig mhór mhaith ag gach duine agaibh agus go bhfillfidh sibh ar an bhfód seo arís in 2021 nuair a osclóimid ar an 5ú Márta (má bhíonn cead againn!) 

Bainigí sult as an Nollaig agus athbhliain faoi mhaise!

Tríona

 

 

 

 

 

 

 

Book Accommodation Now!