Seachtain na Gaeilge 2020

01Mar

Seachtain na Gaeilge 2020

Tá an tráth sin den bhliain buailte linn arís, Seachtain na Gaeilge-  Cár imigh an t-am?

Bhuel is Seachtain na Gaeilge a bhíonn againn anseo gach lá! Má thagann tú anseo ar saoire ná bíodh leisce ort do chúpla focal a úsáid!

Is breá linne comhrá a dhéanamh as Gaeilge agus is cuma linn cibé an bhfuil tú líofa nó ag foghlaim! 

Cé nach bhfuil imeacht shonrach eagraithe againne is mian liom dea-scéal a scaipeadh!

Chuala mé inniú go hoifigúil (mar a dearfá) go mbeidh an Fastnet Film Festival ó Scoil Mhuire ag teacht go Cléire an 21ú Bealtaine.

Beidh scánnáin nua as Gaeilge ar taispeáint!! Is breá liomsa an phictiúrlann agus bhuel níl aon cheann anseo gó fóill! ach ar an 21ú beidh raidhse scannán ar siúl agus níos fearr fós is scannáin nua iad agus táid i nGaeilge !! Bua bua mar a deir siad! Táimse ag tnúth go mór leo agus dearfainn go mbeidh (mar bhíodh againn ar scoil fadó)  an t-atmaisféar leictreach agus is dócha go mbeidh an Chraic Nócha!!! 

Deis iontach deireadh seachtaine den scoth a chaitheamh as baile agus fiú thar lear i gCléire agus do chuid Gaeilge a úsáid-

Ná cailligí é!

Slán go fóill!

T

 

 

 

 

Book Accommodation Now!